Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Corcán agus an Crúsca

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
182100Aesop a tháinig go h-Éirinn — An Corcán agus an CrúscaPeadar Ua LaoghaireAesop
[ 27 ]

36.—AN CORCÁN AGUS AN CRÚSCA.


Ḃí corcán agus crúsca ar bruaċ aḃan. Ṫáinig an tuille agus do rug sí ċum siuḃail iad araon. “Ó!” arsa’n crúsca, “cad ḋéanfad! Buailfar i gcoinniḃ na gcloċ mé agus brisfar mé!”

“Ná bíoḋ ceisd ort,” arsa ’n corcán, “ní’l baoġal ort. Taḃarfadsa aire ḋuit.”

“Ó! fan uaim amaċ!” arsa ’n crúsca. “Is measa ḋom tusa ċúgam ’ná na cloċa féin. Má buailtear i gcoinniḃ a ċéile sinn is mise do brisfar agus ní’l aon ḃaoġal ortsa. Fan uaim amaċ a deirim leat!”

An Múineaḋ.

Má’s crúsca ṫu seaċain an corcán.

Pé ’cu crúsca nó corcán tu seaċain an droċ ṫean gaḃálaíḋe.

Ná déin caradas munab é do leas é.